Fáilte go dtí suíomh idirlín nua an Chaisleáin Lios Mór. Tá súil agam nach mbeidh aon deacracht agat í a úsáid agus go mbeidh sí faisnéiseach freisin.
Is é Caisleán Lios Mór an teach in Éirinn go bhfuil mo chlann ina cónaí ann ó 1753 ar aghaidh. Tá an Caisleán suite i ngleann álainn na hAbhann Duibhe i gcontae Port Láirge agus tá suíomh thar barr aige céad is caoga troigh taobh thuas den abhainn le radharcanna mórthaibhseacha thar na cnoic dhroimneacha choillteacha go dtí na Sléibhte Mhaoldhomnaigh ansúid.
I rith na míonna deireanacha, tharla a lán athraithe anseo i Lios Mór, ba é tionscnamh na dánlainne Chaisleáin Lios Mór an ceann ba suntasaí. Leanann an clár feabhais ar aghaidh sa Chaisleán. Ar an suíomh idirlín, tá roinnt íomhánna nua de na seomraí leapa agus seomraí folctha a athchóiríodh le déanaí, chomh maith le crann solais nua iontach san Hall.
Cruthaíodh ciumhais nua in aice leis an mbealach isteach do Ealaín Chaisleáin Lios Mór agus tá an cosán "Candida" bunaithe go maith anois.
Tá Lios Mór féin ag dul i bhfeabhas. Bhuaigh buaiteoir chomórtais Bailte Slachtmhara na hÉireann 2004 an catagóir Bailte Beaga i 2005, agus an Bonn Óir sa Chomórtas Eorpach Entente Florale. Tá Lios Mór ag éirí níos corraithe le siopaí agus bialanna nua ag oscailt i gcónaí.
D'ainneoin na sceitimíní seo go léir, soláthraíonn an Caisleán ciúnas agus príobháideachas fós: Tá Denis Nevin, an Príomh Buitléir agus a fhoireann ag tnúth le fáilte a chur romhat, mar aoi ag filleadh ar ais, nó mar chuairteoir nua.
An Diúc Devonshire, CBE

